[index]
gaélique d'Irlande - gaeilge
DEARBHÚ UILE-CHOITEANN CEARTA AN DUINE
De Bhrí gurb é aithint dínte dúchais agus chearta
comhionanna do-shannta an uile dhuine den chine daonna is foras don tsaorise,
don cheartas agus don tsíocháin sa domhan,
De Bhrí gur thionscain a neamhaird agus an mí-mheas ar chearta an
duine gníomhartha barbartha a chuir uafás ar choinsias an chine
daonna, agus go bhfuil forógartha gurb é meanmarc is uaisle ag an
gcoitiantacht saol a thabhairt i réim a bhéarfas don duine saoirse
chainte agus chreidimh agus saoirse ó eagla agus ó amhgar,
De Bhrí go ndearna pobail na Náisiúin Aontaithe sa Chairt
dearbhú athuair ar a gcreideamh i gcearta bunúsacha an duine, i
ndínit agus i bhfiúntas pearsan an duine agus i gcearta comhionanna
fear agus bean, agus gur chinneadar tacú leis an ascnamh sóisalach
agus réim maireachtana níos fearr a thabhairt i gcrích faoi
shaoirse níos fairsinge,
De Bhrí gur ghabhadar na Stát-Chomhaltaí faoi chuing ghealltanais
go ndéanfaid, i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe, urraim
uile-choiteann éifeachtach d'áirithiú do chearta agus do
shaoirsí bunúsacha an duine.
De Bhrí go bhfuil sé fíor-thábhachtach, chun an gealltanas
sin a chomhalladh ina iomláine, go mbeifí ar aon-tuiscint maidir
leis na cearta agus na saoirsí sin,
Anois ar an abhar sin forógrainn an Tionól Ginerálta an Dearbú
Uile-choiteann seo ar Chearta an Duine mar chomhchaighdeán le tabhairt
i réim ag gach pobal agus gach náisiún ionas go ndeánfaidh
gach uile dhuine agus gach uile organ den chomhdhaonnacht, agus iad de shíor
ag tabhairt an Dearbhuithe seo dá n'aire agus dá n-úidh,
díchell, tríd an teagasc agus an t-oideachas, chun urraim do na
cearta agus do no saoirsí sin a chothú agus chun a áirithiú
tríd bearta ascnaimh, náisiúnta agus eadarnáisiúnta,
go mbeidh aithint agus feidm éifeathtach uile-choiteann acu, ní
hamháin i measc pobal na Stát-Chomhaltaí féin, ach
fós i measc pobal na gcríocha atá faoina ndlínse sin.
Airteagal 1.
Saoláitear na daoine uile saor agus comhionann ina
ndínit agus ina gcearta. Tá bauidh an réasúin agus
an choinsiasa acu agus dlíd iad féin d'iompar de mheon bhrthreachais
i leith a chéile.
Airteagal 2.
Tá teideal ag gach uile dhuine chun na gceart agus na saoirsí go
léir atá leagtha amach sa Dearthú seo, gan idirdhealú
dáon tsaghas, go háirithe maidir le cine, dath, gnéas, teanga,
creideamh, tuairim pholitíochta nó tuarim eile, bunadh náisiúnta
nó sóisilach, maoin, breith nó céimíocht eile,
Fairis sin, ní déanfar aon idirdhealú ar fhoras no céimíochta
poiliticiúla, dlínsiúla nó eadarnáisiúnta
atá ag an tír nó an chríoch len mbaineann duine, pé
acu críoch neamhspleách, críoch iontaobhais, nó críoch
gan rialtas dúchais í, nó críoch a bhfuil aon teoranta
eile ar a ceannasacht.
Airteagal 3.
Tá ag gach uile dhuine, an ceart chun marthana, chun saoirse agus chun
slándála a phearsan.
Airteagal 4.
Ní coimeádfar aon duine faoi mhoghsaine ná faoi dhaoirse;
toirmeasctar gach gné den mhoghsaine agus de thrádáil na
mogha.
Airteagal 5.
Ní déanfar céastóireacht ar bith ná cóir
ná pionós éadrócaireach, mídhaonna ná
táirchéimneach a chur air.
Airteagal 6.
Tá ag gach uile dhuine an ceart chun a aithinte i ngach uile áit
mar phearsa i láthair an dlí.
Airteagal 7.
Is comhionann na daoine uile i l'athair an dlí agus is dligh dhóibh
an dlí do thabhairt coimirce dhóibh i gcomhionannas gan leithcheal
ar aon neach.
Dlítear do chách comhionannas coimirce i gcoinne aon leithcheal
a sháródh an Dearbhú seo agus i gcoinne aon bhriogaireachta
chun leithcheal den tsórt sin a dhéanamh.
Airteagal 8.
Tá ag gach uile dhuine an ceart chun fóirithin éifeachtúil
d'fháil ó na binsí náisiúnta inniúla
i gcoinne gníomhartha a sháraíos na cearta bunúsacha
a bheir an bunreacht nó an dlí dhó.
Airteagal 9.
Ní déanfar go forlamhach aon duine a ghabháil a choinneáil
ná a chur ar deoraíocht.
Airteagal 10.
Dlíonn an uile dhuine, i gcomhionannas iomlán lena chéile,
éisteacht chothrom phoiblí d'fháil ó bhinse neamhspleách
neamhchlaon chun a chearta agus a oblagáidí agus aon chúiseamh
coiriúil ina aghaidh a chinneadh.
Airteagal 11.
Gach duine a cúiseofar i gcion inphíonois is tuigthe é a
bheith neamhchiontach go dtí go gcruthaítear ciontach é do
réir dlí i dtrail phoiblí, ina mbeidh ar fáil aige
gach cóir is gá lena chosaint a ráthú.
Ní daorfar duine ar bith in ngeall ar aon ghníomh ná neamhghníomh
nach cion in-phíonóis a bhí ann, tráth a dhéanta,
faoin dlí náisiúnta nó faoin dlí eadarnáisiúnta.
Ná ní gearrfar píonós is troime ná mar dob
in-ghearrtha an tráth a rinneadh an cion.
Airteagal 12.
Ní déanfar cur isteach go forlámhach ar dunie ar bith maidir
lena shaol príobháideach, a theaghlach, a ionad cónaithe,
ná a chomhfreagras ná ní déanfar ionsaí air
i leith a onóra ná a cháile.
Airteagal 13.
Tá ag gach uile dhuine an ceart chun gluaiseacht agus cónaí
ina rogha áite laistigh den Stát.
Tá ag gach uile dhuine an ceart chun imeacht as aon tír, lena n-áirítear
a thír féin, agus filleadh ar a thír féin
Airteagal 14.
Le linn géarleanúna, tá ag gach uile dhunie an ceart chun
tearmann a lorg agus a bheith aige i dtíortha eile.
Ní féadfar feidhm a bhaint as an gceart seo i gcás inchúiseamh
a leanas iarbhír as coirthe neampholaiticiúla nó as gníomhartha
atá contrártha dochuspóirí agus do bhuntreora na Náisiún
Aontaithe
Airteagal 15.
Tá ag gach uile dhuine an ceart chun náisiúntacht d'athrú.
Ní déanfar go forlámach a náisiúntacht a bhanit
d'aon duine, ná fós an ceart chun a náisiúntacht d'athrú.
Airteagal 16.
Ar aois in-nuachair a shlánú dhóibh tá ag fir agus
mná, gan srian ar bith maidir le cine, náisiúntacht ná
creideamh, an ceart chun pósadh agus teaghlach a bhunú. Is ionann
na cearta atá acu maidir leis an bpósadh, le linn an phóstas
agus ar scaoileadh a phósta.
Ní déanfar pósadh gan saorthoil iomlán na beirte atá
le pósadh.
Is é an teaghlach is buíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht
do réir nádúra agus dlíonn an chomhdhaonnacht agus
an Stát é a chaomhnadh.
Airteagal 17.
Tá ag gach uile dhuine an ceart chun maoin a shealbhú , ina anoar
agus i gcomhar le daoine eile.
Ní féidir a mhaoin a bhaint go forlámhach de dhuine ar bith.
Airteagal 18.
Tá ag gach uile dhuine an ceart chun saoirse machnaimh, coinsiasa agus
credimh; airítear sa sa cheart sin an tsaoirse chun a chreideamh nó
a dheimhne d'athrú maraon leis an saoirse chun a chreideamh nó a
dheimhne d'fhiolsiú, ina aonar nó a nó in éineacht
le daoine eile, go poiblí nó go príobháideach, tríd
an teagasc, an cleachtadh, an adhradh agus na deas-ghnátha.
Airteagal 19.
Tá ag gach uile dhuine an ceaqrt chun saoirse tuairime agus chun saoirse
nochtuithe tuairime; áirítear sa cheart sin saoirse chun tuairimí
a bheith aige gan aon bhac air, agus chun eolas agus smaointe a lorg, a ghlacadh
agus a leathadh trí mheáin ar bith, gan aird ar chríoch-theoranta.
Airteagal 20.
Tá ag gach uile dhuine an ceart go mbeidh saoirse aige teacht ar tionól
agus gabháil le comhlachas go sítheoilte
Ní cead a chun d´fhiacha ar dhuine ar bith gabháil le haon
chomhlachas áirithe.
Airteagal 21
Tá ag gach uile dhuine an ceart chun páirt a ghlacadh i gcúrsaí
rialuithe a thíre, go díreach nó trí ionadaithe a
toghtar go saorálach.
Tá comhcheart ag gach uile dhuine rochtain a bheith aige ar an tseirbhís
phoiblí in thír féin.
Is é toil an phobail is foras don údarás rialuithe; léireofar
an toil sin de thoradh toghchán ionraic a déanfar ó aim go
ham trí bhótáil chomhchoiteann chomhionann agus trí
tún-bhallóid nó ar mhodh dá shamhail sin a ráthaíos
saoirse bhótála.
Airteagal 22.
Tá ag gach uile dhuine, mar chomhalta den chomhdhaonnacht, an ceart chun
slándála sóisialaí; dlítear dó go bhféadfaidh
sé, de thoradh an tsaothair náisiúnta agus an chomhair eadarnáisiúnta
agus do réir eagraíochta agus acmhainne gach Stáit ar leith,
na cearta a shásamh, i gcúrsaí eacnamíochta agus comhdhaonnachta
agus cultúra, is dual dá dhínit agus is riachtanach do shaor-fhorbairt
a phearsantachta.
Airteagal 23.
Tá ag gach uile dhuine an ceart chun oibre, chun saoirse maidir le fostaíocht
a thoghadh, chun coinníollacha córa sásúla oibre agus
chun a chosanta in aghaidh na dífhostaíochta.
Tá ag gach uile dhuine, gan aon idirdhealú, an ceart chun na páighe
céanna le haghaidh na hoibre céanna.
Tá ag gach duine a dhéanas obair an ceart chun luach saothair chóir
shásúil a bhéarfas go mbeidh aige féin, agus ag a
theathlach, cóir mhaireachtana mar is dír do dhníit an duine,
agus ina theannta sin pé caomhaint shóisialach eile is gá.
Tá ag gach uile dhuine an ceart chun ceardchumainn a bhunú agus
gabháil le ceardchumainn chun a leasa a chosaint.
Airteagal 24.
Tá ag gach uile dhuine an ceart chun sosa agus scíthe, agus go háirithe
chun teora réasúnach lena uaireannta oibre agus chun saoirse le
páigh d'fháil ó thráth go chéile.
Airteagal 25.
Tá ag gach uile dhuine an ceart chun caghdeáin mhaireachtana is
leor do shláinte agus do shoileas an duine féin agus a theaghlaigh,
ar a náirítear bia, éadach, ionad cónaithe, freastal
liachta, agus na seirbhísí sóisialacha is gá; tá
ceart aige chun slándála le linn dífhostaíochta, breoiteachta,
éagumais, baintreachais, sean-aoise nó aon easpa eile slí
mhaireachtana in imthosca nach bhfuil neart aige orthu.
Dlítear aire agus cúnamh speisialta don mháthair agus don
leanbh. Bhéarfar an chaomhaint shóisialach chéanna don uile
leanbh, pé acu faoi chuing an phósta nó lasmuigh dhí
a rugadh.
Airteagal 26.
Tá ag gach uile dhuine an ceart chun an oideachais. Bhéarfar an
t-oideachas in aisce, sna céimeanna tosaigh agus bunaidh ach go háirithe.
Beidh an bun-oideachas éigeantach. Cuirfear an t-oideachas teicniúil
agus gairmiúil ar fáil go comhchoiteann; beidh combrochtain do réir
fiúntais ag gach uile dhuine ar an árd-oideachas.
Beidh de chuspóir ag an oideachas pearsantacht an duine d'fhorbairt ina
hiomláinte agus urraim a neartú do chearta an duine agus do no saoirsí
bunaidh. Cothóidh sé an chomhthuiscint, an caonfhulaing agus and
caradas idir an náisiúin agus na ciní agus na haicmí
creidimh uile, agus cabhróidh sé le bearta na Náisiún
Aontuithe do chaomhnadh na síochána.
Tá ag na tuismitheoirí, i dtosach ar chách eile, an ceart
chun an cineál oideachais a thoghadh a bhéarfar dá leanaí
Airteagal 27.
Tá ag gach uile dhuine an ceart chun páirt a ghlachadh gan cosc
i saol cultúrtha an phobail, áineas na n-ealaíon a bheith
aige agus páirtiú in ascnamh agus is sochair na heolaíochta.
Tá ag gach uile dhuine an ceart go gcosnófaí na leasa morálta
agus abhartha a leanas as aon tsaothar eolaíochta, litríochta nó
ealaíon arb é is údar dó.
Airteagal 28.
Is dligh do gach uile dhuine go mbéadh eagras sóisialach agus e
adarnáisiúnta i réim a bhéarfadh go bhféadfaí
na cearta agus na saoirsí atá leagtha amach sa Dearbhú seo
a chur i gerích go hiomlán.
Airteagal 29.
Tá dualgais ar an uile dhuine i leith an phobail arb ann amháin
is féidir a phearsantacht d'fhobairt go saor agus go hiomlán.
Ag feidhmiú a cheart agus a shaorisí dhó ní bheidh
de shriantacht ar dhuine ar bith ach pé sriantachta a bhéas ceaptha
do réir dlí d'aon toisc chun aitheantas agus urraim mar is cuí
d'áirithiú do chearta agus saoirsí daoine eile agus chun
freagairt do riachtanais chóra na moráltachta, an óird phoiblí
agus soileasa na coitiantacnta i gcomhdhaonnacnt daonfhlathach.
Ní cead i gcás ar bith na cearta ná na saoirsí seo
d'fheidhmiú contrártha do chuspóirí agus do bhuntreora
na Náisiún Aontaithe.
Airtegal 30.
Ní cead aon ní sa Dearbhú seo a leiriú mar ní
a bheir dón Stát grúpa nó duine ceart ar bith chun
páirt a ghlacadh in aon ghníomhacht ná aon ghníomh
a dhéanamh d'fhonn aon cheart nó saoirse dá luaitear anseo
a dhíthiú.
[index]